Cuimhneachán Bliantúil an Ghorta Mhóir ar siúl i dTuaisceart Éireann den chéad uair - an tAire Humphreys

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Sathairn) ag déanamh feidhm oifigiúil ag Cuimhneachán Bliantúil an Ghorta Mhóir ag Duga Albert, an tIúr, Co. an Dúin. Is é seo an chéad uair a ndearnadh Cuimhneachán Bliantúil an Ghorta Mhóir a reáchtáil i dTuaisceart Éireann, agus an dara huair i gCúige Uladh.

Tá fleasca á leagan ag an Aire Humphreys agus ionadaithe ó Chomhthionól Thuaisceart Éireann agus Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, beidh ambasadóirí agus consail ag leagan fleasca freisin in ómós dóibh siúd a d'fhulaing, a cailleadh nó a chuaigh ar imirce le linn an Ghorta Mhóir.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

"Mar Ultach bródúil, tá an-áthas orm bheith anseo ar an Iúr, agus muid ag reáchtáil Cuimhneachán an Ghorta Mhóir i dTuaisceart Éireann den chéad uair.  Bhí an Gorta ar cheann de na himeachtaí is suntasaí i stair an oileáin seo agus ní raibh Tuaisceart Éireann slán ón mbás agus slad a tháinig leis. Chaill Cúige Uladh an séú cuid dá daonra le linn Dheich mBliana an Ghorta.

"As tuairim is 130 teach na mbocht ar oileán na hÉireann in am an Ghorta, ní raibh ach dhá cheann ann a raibh ráta báis acu a bhí níos airde ná an ráta i dteach na mbocht na Lorgan. Osclaíodh tithe súip ar an mBaile Meánach, i Lios na gCearrbhach agus ar fud Chúige Uladh. Cé nach dtáinig ach laghdú beag ar dhaonra Aontroma - mar gheall go ndeachaigh cuid mhór daoine bochta go Béal Feirste - chaill gach contae eile i gCúige Uladh 10% dá dhaonra, ar a laghad.

"Ní fulaingt agus bás as cuimse amháin a bhí mar thoradh ar theip thubáisteach an bhairr phrátaí le linn na 1840í - tháinig athrú mór ar dhaonra agus cultúr na tíre freisin, agus tá éifeachtaí an athraithe sin le braistint go fóill sa lá atá inniu ann. Inniu, cuimhneoimid orthu siúd go léir a d'fhulaing mar gheall ar an nGorta ar feadh Chúige Uladh agus ar feadh an chuid eile d'Éirinn, is cuma a gcreideamh, a gcuid polaitíochta nó a náisiúntacht.

 

"Le rannpháirtíocht ghníomhach ghrúpaí as pobal uile an Iúir, tá brí an-mhór le cuimhneachán na bliana seo. Trí dhul i ngleic le stair an Ghorta sa cheantar seo, táimid in ann cabhrú le tuiscint níos fearr a fhorbairt ar thionchar réigiúnach agus áitiúil an eachtra chinniúnaí seo i stair ár n-oileán. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, a d'oibrigh le mo Roinn chun ócáid speisialta a dhéanamh de chuimhneachán na bliana seo.

Déanfaidh an tAire Humphreys freisin plaic chomórtha a nochtadh ag an bPointe, Co. an Dúin amárach (Dé Domhnaigh) in onóir na ndaoine a chuaigh ar imirce agus iad siúd go léir ar oileán na hÉireann a d'fhulaing mar gheall ar an nGorta Mór.

CRÍOCH


Príomh-Roghchlár