Faoin

Eolas faoin nGorta Mór

Bunachar Sonraí na gCistí Iasachtaí

Is éard a bhí sna Cistí Iasachtaí ná institiúidí sa 19ú haois a chuir creidmheas ar fáil do bhochtáin in Éirinn. Ag barr a réime, na blianta díreach roimh an nGorta Mór, bhí suas le 13 oibreoir ar leithligh de chistí iasachtaí ag feidhmiú i mórcheantar an Sciobairín agus iad ag cur £75,356 sa chúrsaíocht san eacnamaíocht áitiúil thar thréimhse 10 mbliana.

Tá roinnt taifead fós ar marthain le haghaidh na gcistí ó na ceantair seo: Cill Mua & An Cruachán, An Scoil, Cúras, An Chraobhach, Dún na Séad, Baile an Chaisleáin, Cuan Dor agus Béal Átha Fhínín. Sna taifid seo tá sonraí maidir leis na hiasachtaí agus tuarascálacha leantacha. Tá sonraí freisin faoi mhéid na hiasachta agus ainm na ráthóirí. Sna tuarascálacha leantacha tugtar le fios conas a d'imigh an Gorta Mór i bhfeidhm ar bhochtáin Iarthar Chorcaí agus tá siad i measc na dtaifead tearc faoi na daoine a fuair bás agus a d'imigh ar eisimirce sa tréimhse sin.

In Ionad Oidhreachta an Sciobairín tá bunachar sonraí inchuardaithe de chúig cinn de na Cistí Iasachtaí in Iarthar Chorcaí áit a bhfuil taifid fós ar marthain. In 'anála seo na mbochtán', nach raibh teacht orthu roimhe seo, tugtar léargas ar chúinsí an ghnáthdhuine in Iarthar Chorcaí roimh an nGorta Mór, agus mar thoradh ar an nGorta Mór.

  • Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo
  • Le haghaidh A Journal of a Visit of Three Days to Skibbereen and its Neighbourhood le Elihu Burritt, cliceáil anseo
  • Le haghaidh Narrative of a Journey from Oxford to Skibbereen during the year of the Irish Famine le Lord Dufferin & the Hon. G.G. Boyle 1847, cliceáil anseo
  • Le haghaidh The Skibbereen Trail – An Historical Walking Tour arna fhoilsiú ag Cuimhneachán an Ghorta Mhóir (Skibbereen Ltd.), cliceáil anseo
  • An Irish Tale of Hunger and the Sultan cliceáil anseo
  • Tuarascáil ón Tascfhórsa Ocrais do Rialtas na hÉireann 2008, cliceáil anseo
  • Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibríonn Cúnamh Éireann chun comhrac i gcoinne an Ocrais agus an Tearc-chothaithe,cliceáil anseo

Príomh-Roghchlár