Cuimhneachán Idirnáisiúnta 2015

NewBrunswichIFC

An Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i New Brunswick, Ceanada

Agus í ag labhairt, an chéad lá de Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i New Brunswick, Ceanada, mhol an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Heather Humphreys TD, an cabhair agus an tacaíocht a thug muintir Cheanada d’imircigh na hÉireann a bhí ag éalú ón drochshaol sna 1840í.

Le linn a cuairte ceithre lá ar Cheanada, casfaidh an tAire Humphreys le ceannairí polaitiúla agus gnó chomh maith le heagraíochtaí pobail Éireannacha áitiúla agus lucht léinn ar fud New Brunswick agus Novia Scotia. Rachaidh an tAire go Halifax, Saint John, Moncton, Miramichi agus Oileán Prince Edward.

Agus í ag labhairt dúirt an tAire Humphreys:

“Sna laethanta amach romhainn beimid ag cuimhneamh ar íospartaigh Ghorta Mór na hÉireann; tréimhse thragóideach inár stair, nuair a d’fhulaing ár sinsear ocras agus cruatan nach bhféadfadh muidne a shamhlú. Tháinig na mílte Éireannach go hoirthear Cheanada le linn bhlianta an Ghorta Mhóir. Ba dhochreidte an cineáltas a thaispeáin na Ceanadaigh dóibh, agus go leor acu féin i mbaol an bháis agus galair trí cabhrú leis na hÉireannaigh i ndiaidh a dturas dian trasna an Atlantaigh.

“Tá toradh millteanach an Ghorta le feiceáil ar fud chósta thoir Cheanada, áit a bhfuil suas le 20,000 íospartach Eireannach curtha. Ar ámharaí an tsaoil, tháinig na mílte eile slán óna n-aistear go dtí an tír iasachta seo. Is go mórmhór a bhuíochas do chineáltas mhuintir Cheanada a d’éirigh leo teacht slán. Ní dhéanfaidh muintir na hÉireann dearmad go deo den fháilte fhlaithiúil a thug na Ceanadaigh do na sluaite croíbhriste a tháinig i dtír anseo.

“Is deis é Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i mbliana, ní hamháin chun tragóid an Ghorta a thabhairt chun cuimhne, ach freisin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid ollmhór atá curtha ag imircigh Éireannacha leis an saol i gCeanada. Tá an tionchar seo le feiceáil ach go háirithe ar fud New Brunswick, áit a maíonn beagnach ceathrú den daonra gur de bhunadh na hÉireann iad. Tá mise mé féin ag súil leis na ceangail le mo chontae féin, Muineachán, a fhiosrú, áit a d’fhág na mílte imirceach agus iad ar thóir shaol nua i gCeanada le linn an Ghorta Mhóir.

“Is príomhaidhm de Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir é suim a mhúscailt i gceisteanna a bhaineann le gorta ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. I measc thorthaí an ghorta in Éirinn tá an comhbhá as cuimse atá ag Éireannaigh dóibh siúd atá buailte leis an ocras faoi láthair agus an tiomantas a eascraíonn as sin, do chabhair dhaonnúil agus faoiseamh dhaonnúil. Trí phlé a spreagadh ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta ar cabhair agus cúnamh éigeandála dóibh siúd atá ar an ngannchuid, tá feidhm tábhachtach á chomhlíonadh ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir.”


Príomh-Roghchlár