Dáta Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2016 á fhógairt ag an Aire Humphreys

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Céadaoin) go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i mbliana Dé Domhnaigh, an 11 Meán Fómhair i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Cuirfear leis an gcuimhneachán Stáit i nGlas Naíon le rannpháirtíocht an phobail áitiúil agus scoileanna an cheantair. Beidh an Bhratach Náisiúnta agus onóracha míleata i gceist leis an searmanas agus cuirfear críoch leis le fleascleagan sollúnta.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

“Is é seo an 9ú bliain as a chéile go bhfuil Cuimhneachán Náisiúnta á reáchtáil agus le gach cuimhneachán tugtar deis den scoth dúinn ómós a thabhairt dár sinsir a fuair bás, a chuaigh ar imirce agus a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir, a raibh tionchar ollmhór aige ar oileán na hÉireann.

“Cuireann sé áthas orm ach go háirithe go mbeidh an searmanas ar siúl i Reilig Ghlas Naíon, an áit ina bhfuil go leor leor dár laochra náisiúnta curtha, le linn bliain thábhachtach seo an chéid. Is iomaí searmanas comórtha an-ómósach a bhí anseo i nGlas Naíon le linn 2016, agus níl aon amhras orm ná go mbeidh sé ina láthair an-oiriúnach do chuimhneachán na bliana seo ar an nGorta Mór.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir as a gcuid oibre agus Iontaobhas Ghlas Naíon as an gcuimhneachán a chur ar siúl sa Reilig íocónach seo.  Tá mé féin agus mo Roinn ag súil go mór le bheith ag obair leis an Iontaobhas agus leis an bpobal áitiúil, chomh maith lenár gcomhghleacaithe in Oifig na nOibreacha Poiblí, le cuimhneachán cuí ar an nGorta Mór a chur ar siúl san áit bheannaithe seo.”


Príomh-Roghchlár