Choiste

An Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir

Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir den chéad uair i mí Iúil 2008 mar thoradh ar chinneadh Rialtais an Gorta Mór a thabhairt chun cuimhne trí lá cuimhneacháin a chomóradh gach bliain.

Is é an príomhaidhm atá le Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir breathnú ar na socrúcháin is oiriúnaí do chuimhneachán náisiúnta bliantúil an Ghorta Mhóir. Tá an coiste anois ina thríú téarma oifige agus fónfaidh comhaltaí an choiste ar feadh tréimhse dhá bhliain, agus d'fhéadfaí téarmaí tagartha agus comhaltacht an choiste a athbhreithniú ag deireadh na tréimhse sin.

Mar chuid d'obair an choiste go dtí seo, tá plé déanta ar théamaí faoi leith i ndáil le hoidhreacht ghinearálta na himirce, caillteanas cultúir agus meath na Gaeilge, mar aon le saincheisteanna sonracha slándála bia agus tiomantas láidir mhuintir na hÉireann do chabhair dhaonnúil agus faoiseamh daonnúil. Cuimsítear ceithre phríomhshnáithe i gclár oibre an choiste don téarma reatha mar seo a leanas:

  • Rannpháirtíocht phobail, áitiúil agus an aos óig i gCuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir;
  • Peirspictíocht Stairiúil;
  • Gorta, ocras, slándáil bia agus cabhair i ndomhan an lae inniu; agus
  • Cuimhneachán Bliantúil Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir agus rannpháirtíocht an Diaspóra

Tá ionadaithe ar an gCoiste ag na grúpaí/eagraíochtaí seo a leanas, a thacaíonn le hobair an Choiste:

  • Roinn an Taoisigh
  • An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
  • An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
  • Cúnamh Éireann
  • An Roinn Oideachais agus Scileanna
  • An Roinn Cosanta
  • Óglaigh na hÉireann
  • Oifig na nOibreacha Poiblí

 


Príomh-Roghchlár