Próiseas Roghnúcháin

Próiseas Roghnúcháin do Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir

Reáchtáiltear Cuimhneachán Náisiúnta bliantúil an Ghorta Mhóir i gceann de na ceithre chúige in Éirinn ina seal gach bliain. Tugadh isteach próiseas nua roghnúcháin sa bhliain 2012 chun beartú ar áiteanna ina bhféadfaí Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtáil. Déanann fochoiste de Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir measúnú agus meastóireacht ar gach moladh de réir critéir chaighdeánacha a aontaítear roimh ré. Tráth a bhfuil an fochoiste tar éis an mheasúnacht ar na moltaí a cuireadh isteach a chur i gcrích, cuireann sé moltaí faoi bhráid Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir. Tar éis do Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir aontú ar an suíomh, fógraíonn an tAire Humphreys an suíomh sin.

I gcomhthéacs Dhiaspóra na hÉireann agus Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir, tá Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir tar éis beartú ar conas a d'fhéadfaí an ghné seo den Ghorta Mór a aithint go cuí maille leis an méid atá déanta ag daoine a d'imigh ar eisimirce agus ag a sliocht thar lear. Tráth ar bunaíodh an coiste, d'aontaigh sé go reáchtálfaí Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir gach bliain. Féadfaidh páirtithe leasmhara thar lear moltaí a chur isteach, de ghnáth i gcomhar leis an Ambasáid/Chonsalacht Éireannach chuí, chun suíomh ar leith a mholadh le go ndéanfadh Coiste Náisiúnta Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir breithniú air.


Príomh-Roghchlár