Fógairt Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2023

D'fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Cathaoirleach Choiste Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir go mbeidh Comóradh Bliantúil Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl Dé Domhnaigh, an 21 Bealtaine 2023 i mBaile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall.

Seo an tríú huair a bheidh Comóradh an Stáit ar siúl i gCúige Uladh. Sa searmanas poiblí, a chraolfar ar chainéal RTÉ News Now, tabharfar deis do mhuintir Dhún na nGall ómós a thabhairt d’fhulaingt agus cailleadh an Ghorta Mhóir agus cuimhneamh orthu siúd a theith chun saolta nua a chruthú thar lear. Beidh bratach náisiúnta agus onóracha míleata mar chuid de sula gcuirfear bailchríoch ar an searmanas sollúnta le leagan bláthfhleisce.

Tabharfar cuireadh do scoileanna ar fud na tíre nóiméad ciúnais a thionól Dé hAoine, an 19 Bealtaine i gcuimhne orthu siúd a cailleadh le linn an Ghorta Mhóir, agus tabharfar cuireadh d’eagraíochtaí spóirt nóiméad ciúinais a thionól ag imeachtaí spóirt agus poiblí a bheidh ar siúl ag deireadh seachtaine an Chomórtha.

Dúirt an tAire Martin:

“Is deis ar leith é Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir don ghlúin reatha aitheantas a thabhairt don fhulaingt, don bhás agus don anró a d’fhulaing muintir na hÉireann le linn an tréimhse dhorcha sin dár gcuid staire.”

Dúirt sí, chomh maith:

“Cuirtear fáilte ar leith roimh roghnú Dhún na nGall mar óstach do Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2023 i bhfianaise gur cuireadh imeacht 2020 i nDún na nGall siar mar gheall ar an bpaindéim. Is cuí go mbeidh an ócáid ar siúl ar shuíomh Sheanteach na mBocht i mBaile na nGallóglach, i bhfianaise an aimhleasa a d’fhulaing muintir Dhún na nGall i measc na bochtaineachta, an ocrais agus na heisimirce le linn an Ghorta Mhóir agus an 19ú haois. Déanfar machnamh le linn an Chomórtha ar an mór-imeacht seo i stair na hÉireann agus cuimhneofar ar gach éinne a d’fhulaing mar thoradh ar an nGorta Mór.”

Chuir an tAire Martin in iúl freisin go raibh sí buíoch as obair chomhaltaí Choiste Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir as a dtiomantas a chinntiú go gcuimhneofar go cuí ar imeachtaí agus ar thionchair an Ghorta Mhóir, agus go ndéantar ceiliúradh ar mhaireachtáil agus rath na ndaoine a chuaigh ar imirce agus a sliocht thar lear.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chontae Dhún na nGall, Comhairleoir Liam Blaney:

“Is mór an onóir dúinn go mbeidh deis ag muintir Dhún na nGall searmanas Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir a óstáil in 2023. Táimid ag tnúth le hoibriú go dlúth le Roinn an Aire agus rannpháirtíocht ghníomhach ár bpobal áitiúil a spreagadh. Déanfaimid comóradh cuí le chéile ar an am tubaisteach sin i stair na hÉireann.”

‘Déanfar an comóradh seo in aice le suíomh Sheanteach na mBocht agus reilig Bhaile na nGallóglach, atá suite anseo: https://goo.gl/maps/7dQBV6G6AnsQuiAC8

 


Príomh-Roghchlár