Port Omna, Contae na Gaillimhe
Reáchtáladh 19ú Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir inniu (Dé Domhnaigh, an 17 Bealtaine) in Ionad Theach na mBocht in Éirinn i bPort Omna, Contae na Gaillimhe, i gcuimhne ar na daoine ar fad a d’fhulaing, a fuair bás nó nach raibh an dara rogha acu ach dul ar imirce mar gheall ar an nGorta Mór.
Ba é an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Patrick O’Donovan TD, a d’óstáil an t-imeacht.
Ba é an Taoiseach Micheál Martin TD a bhí ina fhear an tí ag an imeacht agus a thug an spreagaitheasc. Páirteach sna himeachtaí freisin bhí an Sár-Oirmhinneach Luis Mariano Montemayor, Nuinteas Aspalda agus Déan an Chóir Taidhleoireachta agus Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir David Collins.
Is í seo an chéad uair ar reáchtáladh an Cuimhneachán Stáit i nGaillimh. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, san áireamh san imeacht bhí onóracha míleata, gnéithe cultúrtha agus gnéithe pobail sular ghlac an Taoiseach, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus Déan an Chóir Taidhleoireachta páirt i searmanas sollúnta leagtha bláthfhleisce.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an méid seo a leanas:
‘Is ionad cuimhneacháin agus oideachais tábhachtach é Ionad Theach na mBocht in Éirinn, ina gcinntítear go léirítear meas ar eispéiris na ndaoine a mhair i rith an Ghorta Mhóir agus gur féidir le glúnta amach anseo smaoineamh ar an gcomhbhá, dlúthpháirtíocht agus daonnacht atá le foghlaim faoin tréimhse sin.’
Dúirt an tAire O’Donovan ag an imeacht:
‘Sa chontae seo inar scrios an Gorta Mór pobail, ní raibh siad i bhfad cloíte: atógadh pobail de gach uile chineál a bhí láidir, bríomhar agus éagsúil. Níl aon amhras orm ach gurb é seo ceann de na comharthaí ómóis is oiriúnaí agus is tábhachtaí dár sinsir.’
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir David Collins:
Déanann an ócáid seo ómós do chuimhne na ndaoine a d’fhulaing nó a d’imigh ar imirce, aithníonn sé neart agus athléimneacht phobail ar fud an chontae seo, agus spreagann sé sinn chun tábhacht na comhbhá, na dínite agus na dlúthpháirtíochta i sochaí na hÉireann inniu a aithint.
Tá teacht ar an nasc chun breathnú ar an ócáid anseo: https://vimeo.com/1200786705/f5d8abcefa








