Tionscadal Laochra an Ghorta Mhóir

In 2014, sheol an tAire Deenihan an suíomh gréasáin www.irishfamine.ie mar acmhainn dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gcomóradh a dhéanamh ar an Ghorta Mhóir chomh maith le tionscadal ‘Laochra an Ghorta Mhóir’.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo dearcadh nua ar an Ghorta Mhór a thabhairt do dhaoine i ngach aoisghrúpa agus suim a spreagadh iontu siúd nach raibh aon bhaint acu le clár Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir. Tá sé i gceist go mbeidh sé mar acmhainn eolais luachmhar amach anseo do dhaoine fásta agus daoine óga araon agus go spreagfaidh sé iad chun tuilleadh a fhoghlaim faoin tréimhse thragóideach seo inár stair. Tá sé mar aidhm aige muid uilig a spreagadh chun a bheith níos airdeallaí faoin ocras agus faoi ghalair i saol an lae inniu agus ionbhá agus flaithiúlacht a léiriú dóibh siúd nach bhfuil chomh maith as is atá muid féin.

Is féidir le baill den phobal scéalta gearra agus aon bhunacmhainní nó léaráidí a chur isteach chuig [email protected]. Déanfar athbhreithniú ar gach aighneacht sula n-uaslódálfar iad chuig an suíomh gréasáin. Tá údarás iomlán ag an NFCC ábhar a uaslódáil nó a bhaint dá rogha féin. Is mar acmhainn faisnéise amháin atá an t-ábhar ceaptha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh agus ní gá gurb ionann é agus tuairimí Choiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir nó an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

I measc na nithe a chuir go suntasach le hiarrachtaí fóirithinte bhí:

  • Ar an 23 Márta 1847 bhailigh Indiaigh náisiún Choctaw $170 mar fhóirithint ar an nGorta Mór. Bhí sé seo tochtmhar go háirithe i bhfianaise a staire féin de shíorbhochtaineacht, ocras agus bás.
  • Chuir Abdul Mejid Khan, Sultan Impireacht an Otamáin, fóirithint ar an nGorta Mór ar fáil do na hÉireannaigh, ag bronnadh míle punt agus ag seoladh trí long le soláthairtí bia go Droichead Átha.
  • Bhailigh an pobal Giúdach i Nua-Eabhrac na céadta dollar mar fhóirithint ar an nGorta Mór in Éirinn.
  • In Philadelphia, cheap Meiriceánaigh Afracacha a raibh cónaí orthu sna Saoirsí Thuaidh agus Kensington coiste chun síntiúis a lorg le haghaidh fóirithinte ar an nGorta a cuireadh ar aghaidh chuig an bhfeachtasóir frith-sclábhaíochta Frederick Douglass le dáileadh nuair a tháinig sé go hÉirinn.
  • Sa bhliain 1847, tháinig Sir Paul Edmund Strzelecki, taiscéalaí Polannach, geolaí agus daonchara go hÉirinn mar oibrí deonach ag am a raibh na milliúin ag fáil bháis den ocras agus den ghalar agus chuidigh sé le go leor leanaí éalú ón nGorta.