Na hEalaíona & an Gorta

Sa lá atá inniu ann tá an t-ádh linn go bhfuil corpas iontach saothar ealaíonta bunaithe ar an Ghorta Mhór. Tá cuimhneacháin déanta ar an ghorta i raon leathan foirmeacha físiúla agus scríofa ón 19ú hAois ar aghaidh. Tá iarracht déanta sa chuid is mó de na saothair seo uafáis na tréimhse seo i stair na hÉireann a thaispeáint agus tá léargas tugtha acu do dhaoine ar an tsaol mar a bhí sé i rith an Ghorta Mhóir. Léirítear rogha saothar sna táib anuas thíos.