Péintéireacht & Dealbhóireacht

Péintéireacht & Dealbhóireacht

 

An Irish Peasant Family Discovering the Blight of their Store – Daniel MacDonald

Meastar go bhfuil an saothar seo, a péinteáladh agus a cuireadh ar taispeáint in 1847 ag an ealaíontóir ó Chorcaigh Daniel MacDonald, ar cheann den roinnt bheag pictiúr comhaimseartha den Ghorta Mhór, agus léiríonn sé teaghlach agus iad ag aimsiú gur theip ar a gcuid prátaí. Déanann an dorchadas atá ag dul i méid sa chúlra macalla ar an eagla atá ar bhaill an teaghlaigh agus baol an ocrais rompu.

I saothar eile ina dhiaidh sin a peinteáladh c. 1850, ‘The Village Funeral – An Irish Family by a Graveside during the Great Famine’, léirítear fosta an todhchaí gruama agus an t-éadóchas fulangach a bhí ar theaghlaigh san am seo agus úsáid bainte as dath ar bhealach ní ba smúitiúla agus ní ba gruama. Tá an pictiúr seo á choinneáil i nGailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh, i gcuideachta roinnt saothar eile le MacDonald.

 

Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir, Baile Átha Cliath – Rowan Gillespie

Chruthaigh Rowan Gillespie an dealbh Cuimhneacháin seo, dar teideal ‘Famine’, a nochtadh in 1997 ar Ché Theach an Chustaim i gCeantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath, áit inar teitheadh go leor dóibh siúd a d’fhag Éire le linn an Ghorta Mhóir. Chruthaigh Rowan Gillespie an dealbh Cuimhneacháin seo, dar teideal ‘Famine’, a nochtadh in 1997 ar Ché Theach an Chustaim i gCeantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath, áit inar teitheadh go leor dóibh siúd a d’fhag Éire le linn an Ghorta Mhóir.

 

Dealbh Kindred Spirits – Alex Pentak

Le linn an Ghorta Mhóir, tháinig cúnamh go hÉirinn ó raon leathan foinsí ar fud an domhain. Sampla suntasach amháin ná an Pobal Choctaw, a bhailigh $170 dá n-airgead féin, arb ionann é sin agus na mílte dollar sa lá atá inniu ann, chun bia a sholáthar do dhaoine Éireannacha a bhí ag fáil bháis leis an ocras. In 2015, suiteáladh leacht cuimhneacháin darbh ainm Kindred Spirits i bPáirc Bailick, Mainistir na Corann, Co. Corcaí, in ómós do ghnaíúlacht Dhúchasaigh Mheiriceánacha Choctaw le linn an Ghorta Mhóir. Chruthaigh Alex Pentak an leacht cuimhneacháin le cuidiú ó mhic léinn Choláiste Ealaíne agus Dearaidh Crawford, agus tá sé comhdhéanta de naoi gcleite ollmhóra, déanta de chruach dhosmálta, múnlaithe i mbabhla folamh.

 

Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Muraisc, Co. Mhaigh Eo

Tá rigín na loinge comhdhéanta de chnámharlaigh cheangailte, rud atá ina mheabhrú géar orthu siúd a fuair bás. Rinne John Behan, ealaíontóir ó Bhaile Átha Cliath, dearadh ar an leacht cré-uma de ‘long bháis’, an t-ainm a bhronnadh níos déanaí ar na loing a d’iompair eisimircigh ó Éirinn le linn an ghorta. Tá rigín na loinge comhdhéanta de chnámharlaigh cheangailte, rud atá ina mheabhrú géar orthu siúd a fuair bás. Nocht an tUachtarán Máire Mhic Róibín an leacht cuimhneacháin ar an 20 Iúil 1997.