Comóradh a Dhéanamh ar an Ghorta Mhór

Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir

Is deis í Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir don Stát agus do phobail ar fud na hÉireann urraim a dhéanamh do chuimhne iad siúd a d’fhulaing an bás nó an eisimirce mar gheall ar an imeacht ollmhór seo inár stair.

Ó cuireadh tús leis in 2008, reáchtáladh Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i ngach cúige ar bhonn uainíochta ar dheireadh seachtaine an tríú Domhnaigh i mí na Bealtaine. Ó cuireadh tús leis in 2008, reáchtáladh Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i ngach cúige ar bhonn uainíochta ar dheireadh seachtaine an tríú Domhnaigh i mí na Bealtaine.

Déantar cinneadh faoi shocruithe reáchtáil an Chomóraidh Stáit seo gach bliain i ndiaidh dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil agus an pobal óstála ábhartha. Mar pháirt den chomóradh, atá ar oscailt don phobal, tá onóracha míleata, searmanas bláthfhleisce, agus clár áitiúil imeachtaí cultúrtha roimh an imeacht a dhéanann machnamh ar mhórthéamaí an Ghorta le béim ar leith ar thionchar an Ghorta Mhóir ar an tírdhreach agus an mhuintir áitiúil. Chomh maith leis an fhreastal phoiblí, bíonn aíonna, taidhleoirí agus daoine mór le rá i láthair ag an imeacht.

Tharla an chéad Chomóradh Náisiúnta ag an chéad chruinniú den Choiste Chomóradh an Ghorta Mhóir i dTeach an Chustaim, Baile Átha Cliath in 2008. In 2009, reáchtáladh an chéad chomóradh a raibh ionchur áitiúil agus searmanas foirmeálta Stáit mar pháirt dó sa Sciobairín, Corcaigh. Liostáiltear suíomhanna agus sonraí gach Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir thíos.

 

Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir

Reáchtáiltear Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i suíomh difriúil gach bliain, chun an deis a chur ar fáil do phobail an diaspora chun cuimhne agus machnamh a dhéanamh ar thionchar an ghorta agus an eisimirce a tháinig ina dhiaidh. Déanann sé ceiliúradh fosta ar éachtaí iad siúd a theith ó Éirinn agus a shocraigh agus a chur pobail bhríomhara ar bun ar fud an domhain. Liostáiltear thíos suíomhanna agus sonraí gach comóradh idirnáisiúnta a tharla roimhe seo.

 

Bliain

Náisiúnta

Idirnáisiúnta

2024

Meathas Troim

2023

Baile na nGallóglach

Sydney, An Astráil

2022

Páirc Bhéal na mBuillí

2021

Glas Naíon

2020

Faiche Stiabhna

2019

National Famine Commemoration 2019 Sligo

Sligeach

International-Famine-Commemoration-2019-Toronto

Arizona, Stáit Aontaithe Mheiriceá

2018

PresidentHiggins National Famine 2018

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

2018 International Famine Commemoration, Williamstown, Melbourne

Melbourne, An Astráil

2017

National-Famine-Commemoration_2017

Baile an Gharraí

Irish-Famine-Wreath-T-Sandler-2017_Ambassador Jim Kelly, Minister Patrick O’Donovan T.D., Robert Kearns Chairman Ireland Park Foundation, Councillor Joe Cressy

Toronto, Ceanada

2016

Glas Naíon

Philadelphia, Stáit Aontaithe Mheiriceá

2015

Iúr Chinn Trá

New Brunswick, Ceanada

2014

Páirc Bhéal na mBuillí

New Orleans, Stáit Aontaithe Mheiriceá

2013

Cill Rois

Sydney, An Astráil

2012

Droichead Átha

Bostún, Stáit Aontaithe Mheiriceá

2011

Cluain Eois

Learpholl

2010


Muraisc

Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá

2009

An Sciobairín

2008

Teach an Chustaim