An Gorta Mór

Ba imeacht claochlaitheach in Éirinn é teip an bharra prátaí i rith na 1840dí. Taobh amuigh de na sluaite a fuair bás, chuir sé fuinneamh leis an eisimirce a mhair ar feadh na mblianta agus chruthaigh sé scoilt i gcaidrimh pholaitiúla in Éirinn agus leis an Bhreatain. Tháinig laghdú de thimpeall 1.5 milliún ar dhaonra na hÉireann, a bhí os cionn 8 milliún i nDaonáireamh 1841, trí bhás agus eisimirce faoin am a reáchtáladh Daonáireamh 1851.

Ba é gorta 1845-1852 an tubaiste shóisialta is mó – i dtéarmaí báis agus fulaingthe – a tharla in Éirinn riamh. Ba é an tubaiste shóisialta is measa bunaithe ar theip bharraí a tharla san Eoraip (go deimhin, sa domhain ‘forbartha’) sa nua-aois. Tugtar castacht an imeachta le fios tríd na téarmaí a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh air, agus na bealaí difriúla trína bhfuil iarracht déanta ag staraithe agus an pobal i gcoitinne cur síos a dhéanamh air agus déileáil leis: tá ‘the great Irish famine’, ‘the great hunger’, ‘the Irish potato famine’, an Gorta Mór agus, i gcuid pobal Gaeilge, ‘blianta an droch-shaoil’ [nó: the years of the bad life].

Níl imeacht ar bith eile i stair na hÉireann ar féidir é a chur i gcomparáid leis an Ghorta Mhór, i dtéarmaí a dtionchair láithrigh nó a n-oidhreachta.

Chuaigh na hathruithe deimeagráfacha agus sóisialta a tharla mar gheall ar an bhás agus an eisimirce i bhfeidhm ar gach gné de shaol na hÉireann.

  • Chuir an Gorta go mór le meath na Gaeilge, le líon na gcainteoirí dúchasacha Gaeilge ag titim ó dhaonra measta de 4 mhilliún in 1835 go 2 mhilliún faoi 1851.
  • De bharr imeacht na Botháin ina raibh cónaí ar mhéid mhór de na híospartaigh, athraíodh cuma an tírdhreacha.
  • Ba fhórsa polaitiúil cumhachtach é cuimhne bhlianta an Ghorta Mhóir a chuir leis an ghluaiseacht le haghaidh Rialtas Dúchais agus neamhspléachais go mall sa 19ú agus go luath sa 20ú haois.
  • Mar thoradh ar phatrún na heisimirce a thosaigh le linn an Ghorta, cuireadh tús le go leor pobail Diaspóra – na hÉireannaigh thar lear.
  • Tá lorg an Ghorta go fóill le feiceáil i gceol, ealaín agus litríocht na hÉireann sa bhaile agus thar lear.

Chomh maith, mar pháirt d’oidhreacht fhadtéarmach an Ghorta tá tuiscint láidir i measc mhuintir na hÉireann ar cheisteanna cosúil le seasmhacht bhia, agus tiomantas láidir do chúnamh agus fóirithint dhaonnúil atá fós ann sa lá atá inniu ann.