Chicago roghnaithe mar láthair do Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir

Fógraíonn an tAire O’Donovan go mbeidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta 2025 ar an nGorta Mór ar siúl i bPáirc na nGael i mí na Samhna 2025.

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Patrick O’Donovan TD, inniu go mbeidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta 2025 ar Ghorta Mór na hÉireann ar siúl i bPáirc na nGael, Chicago, Illinois i mí na Samhna 2025.

I gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, le hArd-Chonsalacht na hÉireann in Chicago, agus leis an bpobal óstach, beidh an comóradh ar siúl Dé Domhnaigh an 2 Samhain 2025 i bPáirc na nGael — suíomh Chuimhneachán an Ghorta Mhóir in Chicago.

Tá Páirc na nGael, atá 40 bliain ar an bhfód i mbliana, ina bunchloch de phobal na hÉireann i ndeisceart na cathrach agus aithnítear go forleathan í mar mhol cultúrtha agus spioradálta do dhiaspóra na hÉireann. Suíomh thar a bheith fieliúnach é an t-ionad seo do chuimhneachán na bliana seo, a nascann stair na hÉireann leis na glúnta de mhuintir na hÉireann a thóg a saol in Chicago.

Mar Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir, leanfaidh an ócáid formáid sheanbhunaithe na n-óráidí ón Aire O’Donovan agus ó Leas-Uachtarán Cheantar Athshlánaithe Uisce Cathrach Mhórcheantar Chicago, Patricia Theresa Flynn. Críochnóidh an ócáid le searmanas sollúnta fleascleagain ag an gcuimhneachán. Beidh béim láidir leagtha ar an bpobal, lena n-áirítear gnéithe cruthaitheacha agus ealaíonta áitiúla a léireoidh an pobal óstach.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire O’Donovan:

“Is mór an onóir dom a bheith in éineacht le pobal na hÉireann in Chicago chun cuimhneamh orthu siúd a d’fhulaing, agus orthu siúd a cailleadh, mar gheall ar an nGorta Mór. Tá Páirc na nGael, lena naisc dhoimhne agus lena blianta fada le hoidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn, ar an láthair is oiriúnaí don chomóradh seo. Deis atá san imeacht seo machnamh a dhéanamh ní hamháin ar chruatan an ama a chuaigh thart, ach freisin ar theacht aniar ár muintire agus ar an méid suntasach atá déanta ag pobal na hÉireann in Chicago agus níos faide i gcéin.”