Fógraíonn an tAire O’Donovan suíomh Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2026
D'fhógair an Teachta Dála Patrick O'Donovan, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus Cathaoirleach Choiste Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2026 ar siúl i bPort Omna, Co. na Gaillimhe i mí na Bealtaine 2026. Beidh imeacht na bliana seo chugainn ar siúl in Ionad Theach na mBocht, atá lonnaithe laistigh de choimpléasc stairiúil Theach na mBocht Phort Omna, ceann de shuíomhanna is iomláine theach na mbocht atá fós in Éirinn. Is é seo...









