Fógraíonn an tAire O’Donovan suíomh Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2026

D’fhógair an Teachta Dála Patrick O’Donovan, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus Cathaoirleach Choiste Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2026 ar siúl i bPort Omna, Co. na Gaillimhe i mí na Bealtaine 2026.

Beidh imeacht na bliana seo chugainn ar siúl in Ionad Theach na mBocht, atá lonnaithe laistigh de choimpléasc stairiúil Theach na mBocht Phort Omna, ceann de shuíomhanna is iomláine theach na mbocht atá fós in Éirinn.

Is é seo an chéad uair a reáchtáladh an Cuimhneachán Stáit i gContae na Gaillimhe. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, beidh onóracha míleata ar an gclár, agus críochnóidh an oíche le searmanas sollúnta bláthfhleasc i gcuimhne orthu siúd go léir a d’fhulaing nó a fuair bás le linn Ghorta Mór na hÉireann.

Dúirt an tAire O’Donovan:

Is le sollúntacht agus le fíormheas a fhógraím Port Omna, Co. na Gaillimhe, mar shuíomh do Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2026.

Tá Ionad Theach na mBocht Phort Omna suite ar shuíomh a bhfuil tábhacht ollmhór stairiúil ag baint leis, áit atá ina fhianaise dhíreach ar an gcruatan, ar an gcaillteanas agus ar an suaitheadh a d’eascair as an nGorta Mór. Agus é ar cheann d’ionaid thithe na mbocht is fearr caomhnaithe sa tír, is suíomh uathúil oiriúnach é chun machnamh a dhéanamh ar cheann de na tréimhsí is tábhachtaí agus is tragóidí i stair an náisiúin.

Chuaigh tionchar na hócáide sollúnta ar phobail áitiúla i bhfeidhm orm agus táimid ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le Comhairle Contae na Gaillimhe, le hIonad Theach na mBocht in Éirinn agus le muintir Phort Omna agus Oirthir na Gaillimhe.