Fógraítear suíomh Chuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2024

Faiche Mheathas Troim

D’fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir go mbeidh Cuimhneachán Bliantúil Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl Dé Domhnaigh, an 19 Bealtaine 2024 i Meathas Troim, Co. an Longfoirt.

Tabharfar deis sa searmanas poiblí, a chraolfar ar chainéal RTÉ News Now, do mhuintir an Longfoirt agus an cheantair máguaird ómós a thabhairt dóibh siúd a fuair bás nó a d’éalaigh chun saol nua a chruthú thar lear le linn an Ghorta Mhóir.

Seo an chéad uair a bheidh Comóradh an Stáit ar siúl i gContae an Longfoirt. Cosúil le blianta eile, beidh onóracha míleata agus searmanas leagan bláthfhleisce sa searmanas i ndílchuimhne orthu siúd a d’fhulaing nó a fuair bás le linn an Ghorta Mhóir.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Gach bliain tugtar deis do phobail i gcomóradh náisiúnta an Ghorta Mhóir teacht le chéile agus urraim a thabhairt do mhuintir na tíre a thug aghaidh ar chruatan agus a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir. Mar chathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i mbliana i Meathas Troim, Co. an Longfoirt.”

Dúirt sí, chomh maith,

“Tá baint mhór ag Meathas Troim le tionchar millteach an Ghorta Mhóir. Ba iad teaghlach Edgeworth a bhunaigh an baile, lena n-áirítear an t-úrscéalaí clúiteach Maria Edgeworth. Bhí baint ag an teaghlach le go leor iarrachtaí carthanúla ag an am chun cúnamh a sholáthar dá gceantar. Bhain Maria Edgeworth go háirithe úsáid as a tionchar idirnáisiúnta chun tacaíocht a fháil dá pobal, ag baint úsáide as a húrscéal deiridh, “Orlandino”, chun airgead a bhailiú don iarracht fóirithinte gorta. Léireofar dearcadh an teaghlaigh seo atá le moladh agus a bhí tiomanta dá bpobal ag an searmanas cuimhneacháin a bheidh mar bhuaicphointe seachtaine de ghníomhaíochtaí cuimhneacháin sa cheantar áitiúil.”

Chuir an tAire Martin in iúl freisin go raibh sí buíoch as obair chomhaltaí Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir as a dtiomantas a chinntiú go gcuimhneofar go cuí ar imeachtaí tragóideacha an Ghorta Mhóir, agus go ndéanfar ceiliúradh ar mhaireachtáil agus rath na ndaoine a chuaigh ar imirce agus a sliocht thar lear.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chontae an Longfoirt, an Comhairleoir Colm Murray:

“Is mór an onóir é do mhuintir an Longfoirt Searmanas Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir a óstáil in 2024. Glacfaidh muintir Mheathas Troim agus an pobal i gcoitinne leis an gcomóradh seo mar dheis chun cuimhneamh ar íospartaigh an Ghorta go háitiúil agus ar fud na tíre, agus chun aitheantas a thabhairt don ról a bhí acu siúd a rinne a ndícheall tionchar millteach na tubaiste seo a mhaolú, leithéidí Maria Edgeworth agus a teaghlach. Táimid ag tnúth lena bheith ag obair go dlúth le Roinn an Aire chun cuimhneachán sollúnta agus cuí a chinntiú.”