Cuimhneachán Náisiúnta 2012
D'oscail An Taoiseach Enda Kenny TD agus Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, an ócáid i nDroichead Átha ar Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir. Agus é ag trácht ar an tionchar buan a bhí ag an ngorta mór ar shochaí na hÉireann, dúirt An Taoiseach Enda Kenny T.D.: "An chuimhne sin a tháinig chugainn ó ghlúin go glúin, spreagann sin gach gníomhaireacht a chuireann cúnamh ar fáil, ní...