Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2018
Feidhmíonn an tUachtarán Ó hUigínn agus an Tánaiste Simon Coveney ag Searmanas Chuimhneachán an Ghorta Mhóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu (Dé Sathairn 12 Bealtaine) ag feidhmiú ag Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Beidh an Tánaiste Simon Coveney T.D. ina theannta, ag déanamh ionadaíochta don Rialtas. Tar éis an searmanas, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar an mBothán, macasamhail d’áitreabh 4ú haicme (arna rangú i ndaonáireamh...